Cookie Notice

This site does not use tracking cookies of any sort. It does store a Session Cookie. This is a security cookie and ensures that if the administrator of the site forgets to log out of the site, after 10 minutes of inactivity, the site will automatically time out. This cookie is automatically deleted at the end of the every session and contains no personal information. We do not use these cookies for any purpose other than as stated above. For further information please click here.

To reset your cookie permissions please click the reset link at the bottom of this page.


Get me out of here...

Fáilte

Cuirimid fáilte fial flaithiúl romhat go suíomh gréasáin Ghaelscoil na Cruaiche. Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh seo deis do phaistí, do thuismitheoirí, d’iar-scoláirí agus do phobal iomlán na scoile eolas a bhailiú maidir lenár scoil agus lenár n-imeachtaí. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an eolas agus an léargas seo ar shaol na scoile.

Welcome

We warmly welcome you to Gaelscoil na Cruaiche’s website. We hope this site will enable pupils, parents, former pupils, and the wider school community to gather information about our school and our activities. We hope you enjoy the insight this website offers on our school life.

 

Stair Ghaelscoil na Cruaiche

D’oscail Gaelscoil na Cruaiche, bunscoil Chaitliceach, don gcéad uair i Meán Fómhair 1995 agus seachtar dalta a bhí ar an rolla ar an gcéad lá.

Fuair an scoil aitheantas sealadach ón Roinn Oideachas i 1996 agus chuaigh sí faoi Phátrúnacht an Fhorais. Mairéad Ní Ruáin a bhí roghnaithe ag an mBord don bpost mar Phríomhoide na Scoile agus cuireadh tús leis an scoil go hoifigiúil ar an 1ú Meán Fómhair 1996.

Fuair an scoil aitheantas buan i 2000 agus tá fás agus forbairt do-chreidte tagtha ar an scoil ó shin. Faoi láthair, tá trí mhúinteoir déag ar an bhfoireann, ochtar múinteoir ranga, beirt mhúinteoir tacaíocht foghlama, beirt mhúinteoir ar an bpainéal soláthair agus príomhoide riaracháin san áireamh. Tá cuntóir riachtanaisí speisialta amháin ag obair sa scoil. Tá 193 daltaí ag freastal ar an scoil anois, ó Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Sé.

 

History of Gaelscoil na Cruaiche

Gaelscoil na Cruaiche, an all-Irish Catholic Primary School was first opened in September 1995 with seven pupils on its roll on the very first day.

The school received temporary recognition from the Department of Education and Science in 1996 and the Foras Pátrúnachta na Scoile Lán Ghaeilge Teo was requested to become Patron of this new developing school. Mairéad Ní Ruáin was selected by the Board of Management to become Principal and the school was officially opened on the 1st September 1996, under the direction of the Department of Education and Science.

Gaelscoil na Cruaiche received permanent recognition in 2000 and the school has grown and developed beyond belief from then forward. At present, there are thirteen teachers on staff, which consists of eight class teachers, two learning support teachers, two supply panel teachers and an administrative principal. One Special Needs Assistant works in the school.

The school received planning permission to construct a permanent school building in 2007, and we moved into this new building in June 2011. At present, there are 193 pupils attending the school, from Junior Infants to Sixth Class, and there are 22 pupils attending the Naíonra (the pre-school year) which is facilitated within the school building.

 

Seo iad ár n-aidhmeanna

  1. Cultúr Ghaelach a chothú agus é a chur chun cinn – ceol, spórt, damhsa.
  2. Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú sna daltaí agus go mbeadh siad uilig dílis don Ghaeilge agus bródúil aisti.
  3. Saol iomlán mar is dual do pháiste a chaitheamh.
  4. Suim a chothú iontu i saol na Gaeilge agus iad a chur i dtaithí ar a leithéid – scoileanna Gaeltachta, Radio na Gaeltachta, Teilifís na Gaeilge, Cláracha Gaeilge agus leabhair Gaeilge.
  5. Scileanna cumarsáide m.sh. labhairt, scríobh, éisteacht agus léamh i nGaeilge agus i mBéarla a fhorbairt sna daltaí.
  6. Eolas agus tuiscint a thabhairt do na daltaí ar choincheapa agus ar oibriú na Matamaitice.
  7. Staidéar trí bhreathnadóireacht a chothú a bheidh bunaithe ar an timpeallacht áitiúil agus ina ndíreófar go sonrach ar aire a thabhairt dár gceantar, ar thuiscint don fhreagracht a fhorbairt agus ar shealbhú sprid na dea-shaoránachta.
  8. Scileanna na lámhscríbhneoireachta, na lámhcheardaíochta, an cheoil agus na n-ealaíon cruthaitheach eile a chothú agus an deá-thuiscint dóibh san a spreagadh.
  9. Taithneamh don ghníomhaíochtaí fisiceacha, don rince, don cheol, don ghluaiseacht, don mhím, agus do scileanna cluichí scíthe eile a spreagadh.
  10. Comhoibriú le daoine eile – saoránaigh maithe fiúntacha a dhéanamh astu.
  11. Bheith ábálta glacadh le meoin dhifriúla agus cultúir dhifriúla.
  12. Féin-mhuinín agus féin-mheas a chothú iontu.
  13. Cinntiú go bhforbróidh na daltaí i gceart go sóisialta, ó thaobh na móráltachta de agus thaobh religiúin de.

Our Objectives

  1. To sustain Irish culture and promote music, sport and dance.
  2. To ensure a positive approach to the Irish language so that the pupils will be loyal to and proud of it.
  3. To create an environment suitable to a child's life.
  4. To give them an interest in the Irish life and to enable them to experience other Irish institutions – Irish schools, Radio na Gaeltachta, Teilifis na Gaeilge and Irish books.
  5. To develop communication skills – speech, writing, listening and reading in both Irish and English.
  6. To have knowledge and understanding of the basic mathematical concepts and operations.
  7. To cultivate observational study through the local environment with emphasis on caring for our locality, developing a sense of responsibility and cultivating civic spirit.
  8. To foster skills in handwriting, handicrafts, music and other creative arts and to have an appreciation of same.
  9. To encourage an enjoyment of physical activities, dance, drama, music, movement, mime and other recreational games skills.
  10. To co-operate with other people – to make the pupils good, worthy citizens.
  11. To be able to accept other opinions, lifestyles and cultures.
  12. To sustain and strengthen a sense of self-respect and self-worth within themselves.
  13. To ensure sound social, moral and religious development.

 

Gnásanna & Eolas Ginearálta

An Ghaeilge i mBunscoil Lán-Ghaelach

Is í an Ghaeilge teanga labhartha na scoile. Is é an cur chuige atá i gceist ná go bhfaighidh an páiste seilbh ar an dara teanga seo ar an tslí chéanna agus a dhein sé/sí i gcás na céad teanga – ó bheith á thuiscint, ag éisteacht léi, ag aithint aonad comhréire inti agus sa deireadh ag giniúint focal, ráite agus abairtí uaidh/uaithi féin.

Tá buntáistí ag gabháil le bheith í ngleic leis an dara teanga ag an léibhéal seo. Is bunaithe ar fhíorbhréagáin agus ar fhíorthrealamh atá na gníomhaíochtaí agus an teanga a ghabhann leo; tá ciall na bhfocal le tuiscint uathu féin nó is feidir iad a cheangal le gníomhartha agus le hócáidí a tharlaíonn arís is arís eile. Déantar an teanga nua a chomhcheangal le duine, le háit agus le gníomhaíochtaí áirithe.

Déanfaidh an Múinteoir iarracht ar chumas cainte na bpáistí a fhorbairt agus ar chur lena stór focal ó scéalta agus dánta a chur ar eolas dóibh, ón drámaíocht agus ó chomhrá a dhéanamh leo.

Am

  1. Tosaíonn an scoil ar 9.00 r.n. Tá sé tábhachtach go ngabhfadh na páistí chucu féin an nós a bheith ar scoil in am. Níl aon bhall d’fhoireann na scoile freagrach as páistí a bheidh sa chlós roimh am oifigiúil tionóil. Ar chúiseanna sábháilteachta, táthar ag brath go siúlfaidh na daltaí i gcónaí agus iad i gclós na scoile. Tá dianchosc ar rith i gclós na scoile.
  2. Níl cead ag páistí dul isteach sa scoil roimh 8.45r.n.
  3. Críochnaíonn an lá scoile do ranganna na Naíonán Shóisearach agus Shinsearach ar 1.40 i.n. Níl cead ag Naíonán imeacht abhaile ina n-aonar ach amháin sa chás go bhfuil a leithéad iarrtha go sonrach i scríbhinn ag tuismitheoirí. Is ceart do cibé duine a thiocfaidh go dtí an scoil ag triall ar do pháiste a bheith i gclós na scoile roimh 1.30 i.n. chun nach mbeadh suaitheadh gan ghá ar an bpáiste. Críochnaíonn an lá scoile do dhaltaí na ranganna eile ar a 2.40 i.n.

Irish in the All Irish Primary School

Irish is the spoken language in the school. The idea is that the child will acquire this second language in the way that s/he acquired the first – by understanding, listening, isolating structures and eventually producing words, phrases and sentences.

There are advantages to be gained from exposure to a second language at this level. The activities and the language connected with them are based on real toys and equipment; words are self-explanatory or can be linked to actions and recurring events. The new language is associated with a person, a place and certain activities.

The Múinteoir will try to develop the speaking ability of the children to extend their vocabulary by introducing them to stories and poems, by drama and by involving them in conversation. 

 

 

Cairde na Cruaiche

Coiste na dtuismitheoirí agus a gcairde.

Parents Committee 

Bunaíodh Coiste na dtuistí i 1995.

  • Chun teangmháil níos láidre a chothú idir an scoil agus an baile.
  • Chun tacaíocht a thabhairt den Bhord Bainistíochta, airgead a bhailiú chun fearais a cheannach.
  • Chun comhnascadh níos fearr a chothú idir na tuistí iad féin.

 

The Parents Committee was established in 1995 to:

  • Provide a stronger link between the school and home.
  • To help the Board of Management in fund-raising for the school.
  • To provide a meeting point for parents whose children attend the school.

Bíonn Coiste Nua tofa i Mí Dheireadh Fómhair gach bliain.

 

An Bord Bainistíochta 

Is bunscoil Chaitliceach i Gaelscoil na Cruaiche agus is scoil í atá faoi Phátrúnacht an Fhorais. Ainmníonn an Pátrúin Bord Bainistíochta le haghaidh gach scoil ar leith. Tá na Boird comhdhéanta do ionadaithe an phátrúin, tuismitheoirí agus múinteoirí agus ceaptar iad gach ceathrú bliain. Caitheann an Bord feidhmiú i gcónaí faoi na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta agus na treoracha a eisíonn an Roinn Oideachais agus an Foras.

Board of Management

Gaelscoil na Cruaiche is an All-Irish Primary School, which comes under the Patronage of “Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán Ghaeilge Teo”. The Patron normally nominates a Board of Management for each school. Boards are comprised of representatives of Patron, Parents and Teachers and are appointed every four years. The Board must at all times comply with the Rules for National Schools and the directions issued by the Department of Education and Skills and its Patron body.

 

Seo a leanas na baill do Bhord Bainistíochta na scoile: 

The following are the members of the current Board of Management:

Cathaoirleach/Chairperson: Sandra Uí Chorcoráin

Rúnaí/Secretary: Máire Ní Chionnaigh

Príomhoide Feidhmeannach/Acting Principal: Máire Ní Chionnaigh

Ionadaí an Fhoireann Teagaisc/Staff Representative: Nicola Ní Ghraith

Ionadaí an Fhorais/Representative of the Patron: Cormac Ó Cionnaith

Ionadaí an Cheanntar/Community Representatives: Ailíse Ní Lochtnáin, PJ Mac Diarmada

Ionadaí na dTuistí/Parents Representatives: Sorcha Hellberg, Peadar Ó Tuathaill

 

 

back to top